Tá Coláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí tiomanta don ionchuimsiú agus é d’aidhm againn timpeallacht fháiltiúil a chothú do chách. Dearbhaímid féiniúlachtaí agus eispéiris daoine trasinscneacha agus daoine atá éagsúil ó thaobh inscne de, idir scoláirí agus bhaill foirne, agus oibrímid go gníomhach chun cothromas, meas agus muintearas a chur chun cinn. Cuireann an éagsúlacht le neart ár bpobail agus táimid dírithe ar a chinntiú go mbeidh cách in ann foghlaim, cruthú agus cur le saol na hollscoile i mbealach barantúil agus sábháilte.
Tá roinnt ceisteanna coitianta agus acmhainní cruinnithe le chéile againn anseo le cabhrú leat mar bhall de phobal a chuimsíonn daoine tras* agus daoine atá éagsúil ó thaobh inscne de. Cliceáil ar na táib is mó atá ábhartha duit féin.
Go raibh maith agat as na hacmhainní seo a léamh!
Overview
UCD College of Arts and Humanities is dedicated to creating a welcoming and inclusive environment for all. We affirm the identities and experiences of transgender and gender-diverse students, faculty, and staff, and we strive to actively promote equity, respect, and belonging. Our community is strengthened by diversity, and we are committed to ensuring that everyone can learn, create, and contribute authentically and safely.
We have collated a number of FAQs and resources to help you as a member of a trans* and gender-diverse inclusive community. Please click on the tabs that are most relevant for you.
The web content was published by Jenny Costello (project manager, UCD College of Arts and Humanities), in consultation with Dr Taylor Follett (Chairperson of the (opens in a new window)Trans*Research Association of Ireland) and Eoin Mc Evoy (Educational Technologist, UCD School of Irish Celtic Studies and Folklore/Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD).
The Irish language translation has been provided by Eoin McEvoy, Dr Jamie Murphy (Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD) and Fiachra Ó Coileáin (Irish Language Admin Officer, Gaeltacht UCD).
D’fhoilsigh Jenny Costello (bainisteoir tionscadail, Coláiste na nDaonnachtaí agus na nEalaíon UCD) an suíomh gréasáin i gcomhpháirt leis an Dr Taylor Follett (Cathaoirleach ar (opens in a new window)Trans*Research Association of Ireland) agus Eoin Mc Evoy (Teicneolaí Oideachais, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD).
Chuir Eoin Mc Evoy, an Dr Jamie Murphy (Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD) agus Fiachra Ó Coileáin (Oifigeach Riaracháin na Gaeilge, Gaeltacht UCD) an t-aistriúchán Gaeilge ar fáil.